School: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Location:
- Newtownsmith, Co. Galway
- Teacher: Sr M. Colmán
![The Schools’ Collection, Volume 0031, Page 0016](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0031%2FCBES_0031_0016.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0031, Page 0016
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí fear ar an mbaile ar ar tugadh "gréasuidhe" mar leas-ainm, ach cailleadh e tam ó shoin. Tugtar gréasaidhe ar an bhfear atá sa teach anois freisin ach ní raibh ceachtar aca i ndon bró [?] a dheasughadh. Níl a' rith leo ach an t-ainm.
Fadó bhíodh na daoine ar fad a' caitheadh bróga bun-ádhmaid agus "clogs" a tugtar m [?] ainm orra. Caitheann na spailpíní agus na daoine bochta anois iad mar tá siad ke fághail dha uai [?] nios saoire ná na bróga eile, mar ní chaitheann aoinne iad mar tá siad ro-throm. Bíonn siad déa [?] d'abhad agus bíonn píosa cruaidhe tart timcheall Seasann siad chomhfada is nach féidir iad a chaitheadh.
Níor leasuigheadh aon leathar sa bpar [?] ariamh. Chaitheadh siad píosaí de chraicne na n-ainmhí in áit bróga, agus caitheann muinntir Árann iad, agus is deas an rud iad a fheiceál. Bíonn siad ar na h-aontaigh móra i nGaillimh agus d'aithnéochtha ar an bpoinnte cé'n sórt beithidheach a a raibh an craiceann.
Bhíodh na gréadaidhthe i bhfad níos flú fadó mar ní bhíodh aon mhonarcla ann le bróga a dhéanadh agus bhíodh orra-sin iad a dhéanamh.- Informant
- Stiophán Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway