School: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Location:
- Newtownsmith, Co. Galway
- Teacher: Sr M. Colmán
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cé chuir chuige e, agus dubhairt seisean gur chuir a bhean ann é. D'fhiafruigh an gabha dhe annsin cé'n fhaid a raibh an bhean aige, agus dubhairt sé go raibh sí aige seacht mbliadhna agus lá, agus gur af iarraidh obair a bhí sí ar dtús.
"Sin í m'inghin-sa" arsa an gabha "Tá sí imthighthe uaim le seacht mbliadna agus lá, agus ní fhaca mé ó shoin é."Annsin rinne an gabha an speal agus bhí an chéad speal déanta aige ag an fobhairt curtha ann aige, "thriail" sé é ahgus dubhairt sé nach raibh aon mhaith leis an speal sin mar bhris sé é. Rinne sé ceann eile agus bhi fobhairt ar an speal leis an allus sin. Chuir sé an oiread air gur léim an t-ámharsóir amach tríd an bhfuinneóg nuair a thriail sé é. Rinne sé na bioranna agus thug sé dhó iad agus d'fhágadar slán ag a chéile agus d'imthigh sé abhaile.
Nuair a tháinig sé go dtí a bhean d'innsigh sé a chuid eachtraí dhí. Dubhairt sí leis a dhul a' baint an fhéir ag na gCailleach nach raibh a chuid fataí ceanngailte aige fós mar dubhairt an fear nuair a h-iarradh é go raibh a chuid fataí ceangailte aige mar cheap sé go mbeadh "réidh" nuair a rachadh sé ag an gcailleach.(continues on next page)- Informant
- Stiophán Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway