School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Tá caisléan tuairim is dhá mhíle ón áit seo. Caisleán Baile an Mhurchada an t-ainm atá air. Níl ag seasadh den caisleán anois ach a mbinn. Deirtear gur faoi binn an caisléan atá an t-ór i bhfolach. Deirtear gur fataigh a bí in a gcomhnuithe sa gcaisleán fadó agus an méid ór a ghoid siad gur chuir siad i bfolach faoi an gcaisleáin é. Deirtear go bhfuil cat draíodeachta sa chumdhach. Deirtear fresin nach ntuitfidh binn an caisleáin go marbóchaid pé trí duine de muinntír Murchada faoi. Deirtear gur annsin a imthigheas an draoideacht de'n chat. Nuair atá na daoine marbh faoi, tiocfaidh na daoine eile ghá toruigheacht, beidh an draoiteacht imtighthe de'n chat agus deirtear gur annsin a gheobhaidh na daoine an t-or.
2. Tá áit eile tuairim is leath-mhíle ó'n gcaisleán ar a dtugtar Cathair na bhFhinneóga. Bhí gaol idir an dhá muinntear. Fataigh a bhí in a gcomhnuidhe sa gCathair freisin. Creacadóirí a bhí ionnta freisin agus an méid ór a ghoid siad gur chuir siad i bhfolach é.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Mhaoldomhnaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Chreig Bhuí, Co. Galway