School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)[Máirtin Mach Giollarnaith, Cathair Gabhann, Baile Cláir na Gaillimhe, aois 60 tuairim]
Nuair a bhíonn báisteach air bíonn an spéur dorcha agus bíonn go leor néalta ann.
Nuair a bhíonn báisteach air, bíonn an ghrían báidhthe san spéir.
Bíonn néalta dubha agus smúit ortha thart ar an ngealach, bíonn báisteach air.
Bíonn stoirme air nuair a bhíonn an spéir corruighthe, mí suimhneach agus scamaill dubha ann.
Nuair a bhíonn go leor réalta san spéir bíonn aimsir breagh air.
Nuair a bhíonn go leór éanacha ag cruinnú ag chéile ar na sráideanna, ag na tighe agus in aice le bun na h-aibhne ag sgreadach agus ag feadhail bíonn baisteach air.
Nuair a bhíonn an mada ag ithe féir ghlais in aice claidhe bhíonn báisteach air.
Nuair a bhíonn an simléar bog bíonn báisteach air.
Nuair a bhíonn sugha ag tuitim bíonn báisteach air.
Nuair a bhíonn dusta an bóthair ag imteacht le ghaoith bhíonn stoirm air.
Má bhíonn an ghrian fíadhain agus nach feidir féachaint uirrí tá baisteach le teacht.
[Peadar O Moráin [Cathair Gabhan?] Baile Cláir na Gaillimhe, aois 65]
Sí an ghaoth andeas is mó a thugann baisteach leithe.(continues on next page)- Informant
- Mairtín Mach Giollarnaith
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Address
- Cathair Ghabhann, Co. Galway
- Informant
- Mairtín O Culeanáin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- An Chreig Bhuí, Co. Galway
- Informant
- Micheál O Maoldomhnaigh
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- An Chreig Bhuí, Co. Galway
- Informant
- Peadar O Moráin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Cathair Ghabhann, Co. Galway