School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann uair amháin agus bhí an-tóir aige ar airgead. Cheap sé dá bhfuigheadh sé sparán airgid in áit ar bith go mbeadh spraoi aige an fhad is a mhairfeadh sé. An oidhche seo chuaidh sé a chodladh agus bhí sé an-tuirseach de bharr obair an lae. Nuair a bhí sé tamall beag in a codhladh thoisigh sé ag brionglóid. Bhí sean-chaisleán in aice a thighe féin agus bhí go leor leacracha thart timcheall air. Cheap sé go raibh pota mór airgid faoi an leiceann seo. Nuair a chuaidh sé a chodladh an darna oidhche bhí an bríonglóid cheadna aige, agus bhí sé ag éirí an-mhisneamhail agus an treas oidhche chuaidh sé féin agus dear eile ar thóir an airgid. D'árduigh siad an leac agus chonnaic siad go rabhadar ceart, acht mo léan, bhí tarbh in aice na h-áite agus thoisigh sé ag búraightíl. Cheap na fir gurbh é an diabhal a bhí ag teacht aníos as an bpoll. Ritheadar go tapaidh agus níor bhac siad leis an leac ná leis an bpota uaidh sin amach.
- Informant
- Peadar Ó Fathaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Laighdeacán, Co. Galway