School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear ann fadó agus bhí an-tóir aige ar a bheith ag imirt cártaí agus bhí bealach fada air.”
Bhí fear ann fadó agus bhí an-tóir aige ar a bheith ag imirt cártaí agus bhí bealach fada air. Oidhche amháin bhí sé amuigh an-deireannach agus ar a bhealach casadh bean-sidhe leis agus d'fhiafruigh sí dhe cé'n fáth a raibh sé amuigh chomh deireanach sin agus dubhairt sé gur ar a chomhairle féin a bhí sin. Do thosuigh an bheirt aca ag troid agus do mharbhuigh an fear í. An dara h-oidhche bhí an fear amuigh comh deireannach céadna. Casadh beirt ban-sidhe dhó agus d'fhiafruigh siad de cé'n fáth a raibh sé amuigh chomh deireannach sin agus dubhairt sé gur ar a chomhairle féin a bhí sin agus thosuigh siad ag troid agus do mharbhuigh sé an bheirt. An treas oidhche bhí sé amuigh comh deireannach céadna agus casadh triúr ban-sidhe leis agus d;fhiafruigh siad dhe cé'n fáth a raibh sé amuigh comh deireannach sin agus dubhairt sé gur ar a chomhairle féin a bhí sin agus do thosuigh siad ag troid agus do mharbhuigh siad an fear.
A chomhairle dhéin do Mhac Anna
Is ní bhfuair sé ariamh níos measa- Informant
- Máirtín Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway