School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a bhíodh daoine ag dul go Gaillimh fadó bhíodh na sean-daoine ag rádh "Go gcumhduigh Dia in do bhóthar agus in do bhealach thú."
Nuair a bhíodh droch-ócáid ar bith ann deireadh duine "Go sabháilidh Dia mé is go dtiubhraidh Sé slán har an ócáid seo mé."
Deireann na daoine an paidir seo nuair a bhíodh siad ag coigilt na teine.
"Coiglighim an teine seo mar coigligheas Críost cás Brighid i dtóin a' tighe agus Muire 'n-a lár
An dá aspol déag is aoirde i gCathair na nGrást ag cumhdach an tighe seo is a bhfuil ann go lá".
Deireann cuid de na daoine an phaidir seo nuair a bhíos siad ag dul a chodladh:-
"Cuimhnigheann anam ort a Thighearna Dia deas lámh Mhuire agus bain-tighearna na trí haingle is cumhachtaighe i bhFlaitheamhnais Dé ag faire agus ag gárdáil m'anma. Amen."Beannuighim dhuit a lucht na sgaball
Ceithre cosa ar mo leabaidh
Ceithre aingeal ortha sgartha
Má gheibhim bás ar seo go maidin
i bhFlaitheas Dé go bhfuightear m'anam" a deireas na daoine ag dul a chodladh dóibh.