School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Page 0200
- XML “An Doineann”
- XML “An Doineann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí doineann againn ar feadh cúpla seachtmhaine. Bhí stoirm agus báisteach agus sioc ann. Bíonn stoirm againn go minic san nGeimhreadh. Bíónn tóirneach agus teinntreach again go minic san Samhradh. Déanann an teinntreach go leor díoghbhála ar na feilméaraibh. Marbhuighean sí na h-ainmhidhthe.
Chual mé m'athair ag rádh go raibh fear amháin ar an móin ag foghailéareacht le gunna agus thosuigh sé ag tóirneach agus bhriseadh an gunna i lámh an duine acht níor éirigh aon cheo d'on fhear buidheachas le Dia. Mar dubhairt m'athair, is dócha go ndubhairt sé a chuid paidreacha ag dul amach dó an mhaidin sin. - San mbliadhain 1839 bhí stoirm an-mhór ann. Leag sí tighthe agus crainnte agus claidheacha. Tugtar doineann ar droch-aimsir agus soineann ar aimir bhreagh. Deirtear go mbíonn an cat ag sgriobhadh coise an bhuird nuair a bhíos stoirm ag teacht. Nuair a chítear dath an runnaigh ar an spéir deirtear nach mbeadh sé tirim acht dhá uair déag. Tá sean-fhocal ag baint leis an droch-aimsir - Idir Nodlag agus Féil Bhrighde feanntar na caoirigh.
- Collector
- Micheál Mac Goill
- Gender
- Male
- Address
- An Chreig Bhuí, Co. Galway