School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bíonn daoine ag iaraidh dalla-mullóg a chur ar a chéil.
Lá Féile Eoin. Lastar teinte cnámh ar an oidhche roimhe. Cipíní agus móin an t-adhbhar teine a bhíos aca.Deireann na daoine thart annseo...
gur ceart gé do mharbhughadh i gcóir Féile Mhicil agus coileach i gcóir Féile Mháirtín.
nach ceart aon roth a casadh ar lá Fhéile Mháirtín.
gur ceart fuil ghé nó fuil choiligh a craitheadh ar cheithre cúinní an tighe ar lá Féile Mháirtín.
nach ceart fuil do dhoirteadh ar lá Bealtaine.
Nach ceart aon chapall d'oibriughadh ar lá Féile Mhuire san Earrach mar go mbíódh lá saoire naomhtha ar an lá sin fadó.
Go bhfásann rud ar bith a chuirtear ar Aoine an Chéasta.
Ní thiománann na gaibhne aon táirgne ar Aoine an Chéasta mar gur b'shin é an lá a céasadh Críost.(continues on next page)