School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Page 0222
- XML “Tá Pisreoga ag Baint le Pósadh”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá pisreóga ag baint le pósadh.
Deirtear "ma póstar bean ar lá fliuch go mbéidh sí ag caoineadh"
Deireann daoine nach ceart dul treasna páirce nuair a bhíos siad ag dul ar pósadh.
Deireann na daoine nach mbeadh an t-ádh ar an lanamhain dá gcasfaidhe bean ruadh leo ar a mbealach chun an tseipéil, nó dá mbeadh bean ruadh ag an mbainis.
Cuireann cuid de na daoine snáthadh mhór i n-a gcuid éaduigh nuair a bhíonn siad dá bpósadh, cuirtear coiléar an chapaill ar chuid de na mnáibh nuair a bhíonn siad le pósadh. (no title)
“Bhí fear ag dul ar bhainis uair amháin agus chonnaic sé bean agus í ag nigheadh éaduigh i n-aice le abhainn.”
Seo sgéal a fuair Seaghán Ó Cuinn, Creag Bhuidhe ó'n a athair.
Bhí fear ag dul ar bhainis uair amháin agus chonnaic sé bean agus í ag nigheadh éaduigh i n-aice le abhainn. Bhí faitchíos ar an bhfear idtosach acht tháinig misneach aige, agus d'fhiafruigh sé dí a nighfeadh sí a léine féin. D'éirigh an bhean i n-a seasamh, rith sí indiaidh an fhir agus b'éigin dó rith comh mear agus d'fhéad sé nó go dtáinig sé comh fada leis an teach in-a raibh an bhainis ann. Annsin(continues on next page)