School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ithim arán gach lá. Déantar an t-arán de phlúr agus déantar an plúr de cruithneacht. Cuireann na feilméaraí cruithneacht thart anseo. Díolann siad cuid de'n chruithneacht agus tugann siad cuid di chuig an muilean le na meilt. Níl aon mhuileann ins an bparáiste seo acht tá ceann i gCreig agus tá cúpla ceann i nGaillimh. "Cáisgín" a tugatar ar an bplúr a dhéantar de'n chruithneacht a fhásas sa mbaile. Déantar arán de'n chaisgín leis féin agus is minic a measgtear an caisgín tríd an bplúr a cheannuightear ins na siopaibh. "Cáca" a tugatar ar an arán a déantar sa mbaile agus 'builín' a tugtar ar an arán a díoltar ins na siopaíbh.
Is fearr agus is foláine agus is láidire an cáca cáisgín ná aon arán eile.
Déanann mo mháthair arán sa mbaile. Seo í an chaoi i n-a ndéanann sí cáca/
Geibheann sí losaid nó báisín mór agus cuireann sí cúpla mám plúír ann. Ansin gheibheann sí gráinne sóide agus measgann sí tríd an blúr é. Annsin cuireann sí bláthach nó bainne géar air agus measgann sí tré na chéile iad. Taois a bhíos aice annsin agus nuair a bhíos(continues on next page)- Informant
- Seaghán Ó Cuinn
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- An Chreig Bhuí, Co. Galway