School: Tamhain (roll number 15679)
- Location:
- Tawin Island, Co. Galway
- Teacher: C. Bean Uí Thréinfhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tamhain
- XML Page 0313
- XML “Scéal na gCat”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal na gCat.Bhí beirt fhear fadó ag dul ar aonach. Bhí fear acu comh bréagach le broc. Níor labhair sé focal den fhírinne riamh, ní raibh fhios aige leis an fhírinne innseacht. Dá mbeadh sgéal fírinne aige chuireadh sé a thóir féin air, cam crocach agus gach aon cor in aghaidh an fhírinne. Bhí an fear eile acu fírinneach agus go gcaillfeadh sé a cheann sul mar d'innseochadh sé bréag ná cor ar bith a cur in aghaidh na fírinne.
Shiubhail siad le cois ar chois ag cainnt ag comhrádh ag triall ar an aonach, ach thosuigh siad ag innseact sgéalta Agus ag cainnt is comhrádh ach ba ghearr gur thosuigheadar ag cur agus ag argóint in aghaidh a chéile. Dubhairt fear leis an bhfear eile nár innis sé focal de'n fhírinne riamh agus sé an sásamh a fuair sé ó fhear na bréige gur fuide a theingheas an bhréag ná'n fhírinne. Ach níor leig(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Fathaigh
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tawin Island, Co. Galway