School: Tamhain (roll number 15679)
- Location:
- Tawin Island, Co. Galway
- Teacher: C. Bean Uí Thréinfhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Fáth go bhfuil an Sáile Gort.Bhí beirt fhear fado, Seán agus Pádraig. Dearbhathreacha do bhí ann. B'é Seán an fear ba sinne agus ar an adhbhar sin b'é fear a' tighe é. Fuair Pádraig a chuid as an teach agus dhein sé teach comhnuidhe timcheall míle ó theac Sheáin. Pós Seán, Máire an t-ainm a bhí ar a bhean. D'fhan an sgéal mar sin scaithimh. Seán in a react seóil agus Pádraigh ag corruigheacht leis an saoghal Bhí muirghín mór páistí ar Seán. Ach ní raibh muirghin ná tuirghin ag Pádraig ach é fhéin agus Brigidh amáin. Thosuigh Seán 'á briseadh anuas, chuile shórt 'á cailleadh air, ba, capaill is caoirigh, agus gach aon t-sórt dá raibh aige. Níor fhan finne fanna aige gan cailleadh agus bás fhághail.
Ins am [!] céadna bhí Pádraigh ag eirighe an-mhór i maoin an t-saoghail. Bhí taillte treád, is stioc agus gach aon t-sórt ar a mhaoin. Ar deire thiar ní ag Seán ach ag saothrú páighe ó Phádraig. Bhíodh sé gach lá(continues on next page)- Informant
- Michéal Ó Fathaigh
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tawin Island, Co. Galway