School: Garán (roll number 11721)
- Location:
- Garraun, Co. Galway
- Teachers: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garán
- XML Page 0004
- XML “Scéal”
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)níos fuide agus chuaidh sé a chodhladh. Tamall beag taréis sin chonnaic sé go leór daoine beaga thart timcheall air agus iad ag damhsadh agus bhí píobaire beag ag seinm ceól. Bhí siad ag damhsadh go raibh sean Phádhraigh an-tuirseac leó agus dubhairt sé leó stopadh agus é féin a leigint amach ar an urlár. Chuaidh Pádhraigh amach agus thosuigh sé ag damhsadh agus thosuigh na daoine beaga ag gáire agus ag bualadh bos agus tar éis tamall thainic fearg mhór agus thosuigh sé ag bualadh na daoine beaga acht níor bfada go raibh sé féin leath-mharbh leis na daoine agus annsoin stad siad agus dhúisigh an fear agus chuala sé na cluigeanna ag bualadh le h-aghaidh an Aifrionn maidin Nodhlaig agus an claidhe leaghtha ar an talamh agus ceaintíin an uische beatha in-a smidríní leis na clocha móra.
- Is iomdha sgéil i dtaobh cistí óir atá i bhfolach acht níl an cuid is mó aca fíor. Is ar éigin go bhfuil áit ar bith in Éireann nach bhfuil séalta innti i dtaobh cistí óir i bhfolach. Deireann daoine go bhfuil cistí óir i bhfolach i mBaile na Cúirte agus i n-Árd Fhraoigh acht deireann daoine eile nach bhfuil agus níl fhios agam cia acu atá i gceart. Sílim nach bhfuil ionnta go léir acht bréaga acht cloisim chomh minic sin fútha go gceapaim go bhfuil cuid acha fíor mar sin féin.
Deirtear go bhfuil an chiste óír i mBaile na Cúirte i bhfolach thíos(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Ríoghbhardáin
- Gender
- Female
- Address
- Garraun, Co. Galway
- Informant
- Pádraic de Búrca
- Gender
- Male
- Address
- Ballynacourty, Co. Galway