School: Cill Fhínghín (roll number 16222)
- Location:
- Killeeneen More, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Fhínghín
- XML Page 0357
- XML “Aithrí an Reachtaire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Act an Árdrígh an chéirt, anois réidh mo chás
Agus le sruth na ngrásta fliuch mo shuil.
Is le do grásta do ghlan tu Máire,
Agus saor tú Dáibhidh do roinn an aithrighe.
Do thug Máois slán ón mbathadh
Is ta crothughadh láidir gur saor tú an gadaidhe.
Mar is peacach mé na ndearna stór,
Na sólás mór do Dhia ná Muire.
Acht fath mo bhróin, ta mo cóireacha rómhamh.
Mar seol mé an scoad ar an mear is fuide.
A Rígh na Glóire tá lán de grasa,
Is tú rinne beóir agus fíon d'en uisge
Le beagán aráin do riar tú an slúagh,
O'ch! freasdáil fóir agus slánuigh mise.
O a Iosa Críost a d'fhúlaing an pháis,
A's do adhlachadh mar do bhí tú úmhall
Cuirim cuimridh m'anama ar do sgáth,
Agus an uair mo bháis ná tabhair dom cúl.
A Bhainrioghan Párrtais, mathair agus mhaighdean
Sgathan na ngrásta aingea agus naomh.
Cuirim cosaint mo anama ar do laimh,
A Mhuire ná dhuiltaigh mé 's beidh mé saor.
Anois tá mé in aois 's ar bhruach an bhais
Agus is géarr an spás go dtéighim in -úir.
Acht is fearr go deireannach ná go bráth.
Agus fúaghraim páirt ar Rígh na nDúl.
Is cúaille gan maith mé i gcoirneall fáil(continues on next page)- Informant
- Pat Callanan
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Caheradine, Co. Galway