School: Cros-Bhóthar (roll number 14688)
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhíodh an scéal seo dá n-aithris fadó agus is fadó bhí. Dá mbeinn-se ann an uair sin ba críonna liath an scéalaidhe mé. Bheadh sean-scéal nó scéal nua agam. Chumfainn féin scéal nó bheinn gan aon-scéal.
Bhí fear ann uair amhain duine de na Fianna do b'eadh é darab ainm Fionn mac Cumhaill. Téigheadh se féin is a chuid fear amach ag seilg gach lá is thagaidís ar ais arís le tuitim ceo na h-oidhche.
Lá amhain chuaidh siad amach ag seilg thríd na sléibhte is thríd na gleanntaibh 's thríd na cuilltibh 's bhíodar ag teacht ar ais tuirseach sáruighthe tnaoite tar éis an lae. Biodar cois fairrge 's do shuidhe Fionn síos ar chnocán ar dheiseabhar na gréine agus d'imthigh na Fianna abhaile.
Ní ibhfad ná ingearr a bhí Fionn annsin nuair a thainig buachaill an bealach agus do shuidhe sé sios inaice Finn agus do labhair sé leis. "Cur aimsear orm" adeir se le Fionn. Bhreathnuigh Fionn air gur scrúdúigh sé e ó bhonn go bárr. Annsin do labhair sé. "Ar ndóigh, arse Fionn, "níl maitheas ar bith ionnat-sa,' níl iomchar na n-éanlaith ionnat. D'freagair an buachaill é agus dubhairt "An uair is mó a bhéas buaidhreadh nó trioblóid ort bainnfidh mise gáire asat, nó áit(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Connláin
- Gender
- Male