School: Cros-Bhóthar (roll number 14688)
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar bith abhfuil do ghraithte nó teachtaireacht rachaidh mise ann go luath tapaidh". Tá go maith" adeir Fionn. Cén t-ainm abhéarfas mé ort". Tabhair "gearr-bodach-gar-gasta" orm". adeir an buach[aill].
Shiubhladar leo abhaile, maidin lá ar na bhárach.
Dúisigh Conán an buachaill le buille dá mhaide, 'Eirigh', ar seisean, "Tá graithe ag Fionn díot.
D'eirigh gearr-bhodach gar gasta agus chuaidh go Fionn.
Bhfuil graithte agat liom arse sé le Fionn. "Tá' arsa Fionn. Teigh ar seisean agus tabhair abhaile dom an corn cam 'na bhfuil seacht gcineál de bhiotáile ann agus ar a bhfuil trí cinn d'fathachaibh ag tabhairt aire.
Chuaidh an buachaill go dtí an fhairrge. Chaith sé amach scian agus cipín sa bhfairrge. agus rinne an long bhreagh nua dhó 'na rachfadh seacht gcatha na Féinne. Chuaidh sé isteach ann agus thug sé buille dá chois di is chuir sé naoi míle amach sa bhfairrge í ag treabhadh na dtonn fíor-domhain agus ag cur an gaineamh a bhí in-íochtar in-uachtar agéisteacht le héisc-mhóra míola rónta, bric-bheaga an bhéil deirg ag eirghe ar chois agus ar bhois an mada-rámha nó gur bhuail sé cuan sa Domhan Thoir.
Annsin chuaidh sé ag tóruigheacht na h-áite 'na raibh na trí cinn d'fathachaí ag fanacht. Fuair sé amach é is ní raibh taobh istigh ach aon cheann amháin acu agus é(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Connláin
- Gender
- Male