School: Cros-Bhóthar (roll number 14688)
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cros-Bhóthar
- XML Page 0081
- XML “Local Marriage Customs”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Micheál Mór's mother. An bhfuil tú ag ithe a Mhicheáil ar sise le Michael Thaidg. Ó tá mé ag smalcadh arsa Michael. "Manam maise má tá", arsa
Mike Larry taobh amuigh, "ní bheidh tú i bhfad mar sin. Suas le Mike Larry ar mhullach a tighe agus scraith mhór aige gur leig sé thrid an similéar anuas ar an teine gur chuir sé an luaith ar fud an tighe agus go mór-mhór ar Michael Thaidg.
Nuair a chiúinigh an teach arís tar eis an raic seo tháinig na laids arís agus bhí siad ag féachaint isteach thrid an cúl doras áit a raibh poll-beag ann. Bhí fear amháin ann Paitín Mhurachú agus ní raibh se sásta duine ar bith eile a fhágail ag féachaint isteach ach é féin. Bhí
Mik Larry ag iarraidh gíoc isteach freisin agus nuair nach dtainig Paitín as bealach séard a rinne Maidc ná rás a thabhairt agus Paitín agus an doras a chur isteach i lár an urláir. Thuit Paitín ar an doras agus é istigh agus chuile uair a ndeanfadh sé iarracht eirghe shleamhnuigheadh
sé agus thuiteadh sé ar an doras agus ba mhór an stac-mhagaidh é ag lucht na bainse.- Informant
- Mairtín Ó Murchadha
- Gender
- Male