School: Crois Bhóthar
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Crois Bhóthar
- XML Page 0222
- XML “Bóithre an Cheantair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Siad seo na h-ainmneacha atá ar cuid de na bóithre sa ceanntar seo :- Bothar Tae ; Bothar Riabhach ; Bóithrín Cúig ; Bothar Doirín ; Tomasa's Boithrín.
Tá "Bóthar Riabhach" ag síneadh o'n mbothar mór ag dul go Tuaim ó Cathair na nGarranta. Tagann sé amach ar an mbóthar mór ó Bhaile'n Róba go Tuaim ag an Monarcan Biatúis go díreach. Tugadh an t-ainm sin air mar ni raibh aon fascadh ann. Tá sé ann agus an t-ainm sin air chómh fada is ata an cuimhne mo shean-athar.
Tugadh "Boithrín Cuig" ar an mbóithrín atá a dul o'n mbóthar tré Cluain Caoilbhigh go dtí Coill a Thalaimh. Seo iad na fáthanna gur tugadh an t-ainm sin air :-
1. Se an cúigeadh bóithrín o'n gCros Bhóthar é mar tá ceann amháin ag dul go Cluain Eascra, ceann eile isteach go teach Tomás Ó Mullalaigh, ceann isteach go dtí an Baile Thoir,(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Address
- Cloonkeenbeg, Co. Galway