School: Crois-Bhóthar
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Crois-Bhóthar
- XML Page 0315
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tar éis tamaill thainig na Giúdaigh thart ar thóir Íosa. Luigh an spideóigín ar an bhfuil agus chlúdaigh sé é ó na Giúdaigh.
Nuair nach bhfaca na Giúdaigh Íosa ar an mbealach sin, d'iompuigh siad thart arís ar an bpoinnte. Annsin labhair an dreoilín ó thor in aice leo agus dubhairt sé "Chuaidh Íosa thart indé, chuaidh Íosa thart indé". D'iompuigh siad arís agus níor stop
siad go bhfuair siad Íosa. Ón lá sin amach tá brollach dearg ar an spideóig mar gheall ar an bhfuil agus tá mallacht ar an dreoilín.
Sgéal eile:-
Nuair a bhí Íosa in a leinbh bhig ins an stábla i mBetlehem tháinig go leor ainmhidhthe agus daoine ar cuairt Chuige agus thugadar bronntanais deasa do'n leinbh. Nuair a chonnaic an ghráineóg go raibh gach duine(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Fhlaitheartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Kilcreevanty, Co. Galway