Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Milltown, Co. Galway
- Múinteoir: Pádhraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)croca ór í bhfolach dó. Thug an feilméar am[ach] é go leór uaire ach dheamhain croca saidhbhir a bhí ann. Sa deireadh d'éirigh an fear tui[r]seach dhe agus tug sé cead a chos dó gan ao[n] rud a fhághail as.
Seo é an sort éadaig a bhí ar an lioprachán. Bhí bríste ghlún gorm air agus casóg glas air. Bhí caipín dearg air agus ruball fada. Chomh maith leis sin bhí brógaibh fada aisteacha agus iad ag iompódh suas ar bharr a chosaibh. Ní raibh sé ach dhá throigh ar aoirde agus b'aisteach an fearín amach 'is amach a bhí ann.
Tá sgéal lé inseacht faoi fathach freisin atá curtha i n-aice lé Cill Alaidh. Nuair a tháinic na Franncaigh go dtí an baile sin 'san mbliadhain 1798 rinne siad amach go raibh rud eicín[t] sgríobhtha í n-Ogham ar an leac a bh[í] ós cionn an uaighe agus seo é a rai[bh] sgríobhtha ann "Cébé a thiubhreas trí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Clashaganny, Co. Galway