School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Page 0199
- XML “Sochraid Sí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sochraid Sídhe.
Tá cuid mhaith sgéalta thart ar an gceanntar seo faoi sídheóga agus socraidí sídhe. Seo sgéal a chúalas faoi sochraid sídhe.
Bhí fear ag dul abhaile ar fud na bpáirceanna agus bhí air dul thar an lios áithrid seo. Bhí sórt faithchís air agus ar an bpoinnte chúala sé torann mór mar a bheadh go leór capall agus carranna ag teacht. Bhí mar a bheadh go leór caoineadh agus sgreadaighíl ann freisin. Faoí dheireadh tháinig síad súas go dtí ann áit ina raibh an fear. Bhí an céad cárr cómh geal leis an lá beagnach. Sínte ar an gcárr bhí corp marbh de shídheóg agus cúig lása ar gach taobh dhe. D'imthigh an sochraid thart seacht núairi agus annsin d'imthigh síad as amharc de áon sgread mór amháin.
Annsin seadh cuimhnigh an fear go raibh an sochraid sin ina chomhartha go raibh duine dá chlann fhéin caillte. D'imthigh an fear bocht abhaile agus úalach ar an chroidhe agus bhí a dhreatháir sínte mín marbh ar a leabaidh roimhe.(continues on next page)- Informant
- Tomás Ó Grádaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male