School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Luibheanna agus Planndaí.Tá go leor planndaí ag fás ar an talamh agus tá sé ráidhte go bfhuil leigheaseanna ionnta. Seo iad ainmneacha de cuid acu. Buachaill an tighe, garleóg, billeóg Pádhraig, reillóg. Tá leigheas i buachaill tighe i gcóir súil tinn agus seo é an chaoi chun é a réidhtheach. Pota nó sgilléad a fhághail agus é a bhruith go maith agus an tuisge a thagadh as a chur ar do shuil agus thiocfadh biseach ar an tsúil breoidhthe annsin.
Tá leigheas i garleóg i gcóir pian i mbolg gamhain nó caora agus tá leigheas ann freisin i gcóir péiste i mbolg gamhain nó caora. Seo é an chaoi chun é a réidhtheach é a ghearradh suas ina bpíosai beaga agus iad a thabhairt do'n gamhain imeasg fataí nó turnaipi. Tá leigheas i billeóg Pádhraic i gcóir cos nó glún no lámh gortuighthe. Tá leigheas i macáiri companaigh i gcóir cós briste nó lámh briste.
Tá go leor planndaí indan cé'n sórt aimsear a bheas le teacht a innseacht. Seo é ceann amain acu an dandelion agus deirtear(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Fearchair
- Gender
- Male
- Address
- Russelstown, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Fearchair
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Russelstown, Co. Galway