School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0202

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0202

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0202
  3. XML “Mar a Tháinig Cait, Mucaí agus Luchaí ar an Saol i dTús”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Maidin lá ar na bhárach agus Naomh Máirtín ar tígh imtheacht labhair sé leis an mbean agus seo mar dubhairt sé. "Tóg amach do bheart anois agus fosgail é." Rinne sí amhlaidh agus ní túisge a rinne ná rith amach a lan bhanbh óga. "Tóg anois íad agu[s] tóig súas íad" ars' an Naomh "agus beidh cúitiúgha[dh] maith agat ar son na feóla a thugais dom." "Ní bheidh ganntanas feóla arís go bráth ort." Do chuir sí í dteaichín beag íad agus d'imthigh an Naomh. Acht Glaoidh an bhean air a theacht arais agus ar sise "Fan nóiméad tá píosa eile de'n bhlonaic annseo." Leis sin d'fhosgail sí an píos[a] eile agus ar an bpoinnte léim a lán luch amach ag rith annseo agus annsiúd. Bhain Naomh Máirtín a lámhainní dhe agus chaith i ndíaidh na luch íad. D'athruigh na lámhainní go ndeárnadh dhá chait díobhtha gur thoisigh síad ag léimnigh ar na luchaibh gá mharbhúghadh íad. B'shin é an céad úair ríamh do chait, muc, agus luch a bheith ar an saoghal seo. D'fhág Naomh Máirtín an bhean léithi féin agus ag imtheacht dhó dubhairt sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1416: The Mouse in the Silver Jug
    Language
    Irish
    Collector
    P. Ó Díscín
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Micheál Ó Díscín
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male