School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An rath agus an droc-rath.Bhí fear ann úair amháin a raibh cómhnuidhe air í dteachín beag amuigh faoi'n túaith. Ní raibh aoinne sa teach acht é fhéin. Bhí go leór cearcaí aige mar bhí dúil mór í n-uibheacha aige.
Thosúigheadh an choileach ag ghlaodhach ar a hocht a chlog sa trathnóna agus arís ag a leath-úair thar-éis a deich núair bhíodh an fear ag dul a chodhladh. Gach úair a chloiseadh an fear é thagadh fearg mhór air agus thosúigheadh sé air ag damnúghadh an choiligh agus ag rádh "go dtachtaidh an diabhail thú" mar bhí pisreóga móra aige faoí thráth ghlaodhach an choiligh.
Ag dul a chodhladh an oidhche seo do'n fhear thosuigh an choileach ag ghlaodhach mar ba ghnáthach leis. Tháinig cuthach feirge ar an bhfear agus amach leis ag damnúghadh agus ag mionnúghadh go dtí teach na gcearc gur sgiob sé an ceann de'n choileach agus gur(continues on next page)- Informant
- Tomás Ó Grádaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male