School: Naomh Breandán, Gaillimh
- Location:
- Galway, Co. Galway
- Teacher: T. Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Breandán, Gaillimh
- XML Page 0173
- XML “Scéalta”
- XML “Scéalta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ghabhar i n-áit an fhir mhairbh. Tháinic na gárdaí agus chuaidh siad síos ins an bpoll agus nuair a chonnaic siad an dá ghabhar thosuigh siad ag gáiridhe agus d'imthigh leo. Chuaidh an t-amadán go dtí an áit a raibh an t-ór agus fuair sé go leór óir ann agus bhí siad saidhbhir uaidh sin amach.
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé ina chomhnuidhe i dteach é fein agus a mháthair agus bhíodh solas faoi'n leabhaidh chuile oidche. Oidhche amháin bhí air a dhul go Gaillimh ag ceannacht rudaí. Chuaidh sé ann agus bhí sé ag teacht abhaile nuair a d'éirigh rud ar an mbothar roimhe agus shíl cic a thabhairt dhó ach d'imithigh sé uaidh. Is gearr go dtáinic cú mór agus bhí sé ag imteacht roimhe go deo nó gur shíl sé é a bhualadh annsin d'imthigh sé. Is gearr i n-a dhiaidh sin go bhfaca sé bairille ag damsadh ar an mbothar agus is gearr a bhí (sé) ann nuair a shíl an fear cic a tabhairt dó. Is nar thuit an fear as a sheasamh agus bhí sé go dona go ceann míosa.(continues on next page)
- Collector
- Pádraig Ó Bhailis
- Gender
- Male