School: Naomh Breandán, Gaillimh
- Location:
- Galway, Co. Galway
- Teacher: T. Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Breandán, Gaillimh
- XML Page 0224
- XML “Tiarna Talún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí an tighearna Séamus de Bláca i gCaisleán na Creige in Anach Cuan. Ní raibh seiseann go dona chor ar bith agus bhiodh go leor fearaibh ag obair dhó. Bhí Ristéard ó Ciarbhán in Bhain Mhóir. Rinne seiseann an mhaitheas. Thóg sé sgoil do cloinn na dtionónta bhí tighearna darbh ainm Gunning i gCill Ruadh in Áth Cinn. Bhí sé an géar ar an tionóntaibh Dhíbir sé tailliúr bocht a dtugaidís Tadhg Bacadh air as an teach uair amháin. Ní bhféadfadh sé aon báille le'n a cur amach agus leag sé an teach air. Nuair a chuala sagart a'Paráiste faoi bhí sé a buille agus d'iarr sé ar muinntir a Pharáiste theacht le chéile leis an teach a chur suas arís.
Tháinic siad aon lá amháin agus cuir siad suas an teach agus bhí teine ag an táilliúr ann agus chodail sé ann an oidhche sin. Nuair a an teach leath déanta an lá sin bhí Sean Gunning agus an báille ag tigheacht i mbéal an bhóthair le dhá capall agus cóisde.(continues on next page)