School: Tobar Ruadh
- Location:
- Toberroe, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Cinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tobar Ruadh
- XML Page 0144
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mhór ba ghiorra dhóibh agus dhéanfhadh síad socrú fé spré na mná agus faoi an biadh a bhfuigheadh síad le h-aghaidh lá na bainfheise. Is i gcairt a theigheadh síád go dtí an baile mór agus sé athair is máthair an lánámhan a dhéanfadh an cleamhnas.
Nuair a thiocfhadh lá na bainfheise théigheadh an beirt a bhí ag dul ag pósadh chuig an t-séipéal ar dhruim chapall. Bhédh an bhean in-a - suidhe ar chúl an fhir. Théigheadh na cómharsanna go dtí an t-séipéal freisin agus bheadh caiple aca agus gach mhnaoi in-a-suidhe ar chúl a ceilidhe féin. Nuair a bhéadh síad ag teacht abhaile bhéadh na capallaibh ag rith go h-an-mhear ag féschaint cé shroichfidh teach na bainfheise ar dtús.
Nuair a théigheadh an lánámhan isteach ins an dteach bhéadh cáca déanta de mhin coirce ag daoine an tighe agus é roinnte in dhá leath agus d'fhagfhadh síad leath an cháca ar cheannaibh an lanámhan. Bhéadh cóta mhór gorm ar an mhná a bpósadh agus caipín bhán agus coróin déanta de rósaí ar an gcaipín. Bhéadh cóta mhór ar an bhfear agus hata árd. Bhéadh dath glas ar a stocaí agus iad ag teacht suas chun a ghlúna. Ní bhéadh a bhríste ag teacht síos níos fuide na a ghlúna agus dhá chnaipe déag agus dath buidhe orra ag dul suas í ghlúna an bhríste go dtí pocaí an bhríste.- Collector
- Máire Ní Chómair
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Cloonbar, Co. Galway
- Informant
- Micheál Ó Cómair
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Cloonbar, Co. Galway