Scoil: Tobar Ruadh
- Suíomh:
- An Tobar Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Cinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tobar Ruadh
- XML Leathanach 0144
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhór ba ghiorra dhóibh agus dhéanfhadh síad socrú fé spré na mná agus faoi an biadh a bhfuigheadh síad le h-aghaidh lá na bainfheise. Is i gcairt a theigheadh síád go dtí an baile mór agus sé athair is máthair an lánámhan a dhéanfadh an cleamhnas.
Nuair a thiocfhadh lá na bainfheise théigheadh an beirt a bhí ag dul ag pósadh chuig an t-séipéal ar dhruim chapall. Bhédh an bhean in-a - suidhe ar chúl an fhir. Théigheadh na cómharsanna go dtí an t-séipéal freisin agus bheadh caiple aca agus gach mhnaoi in-a-suidhe ar chúl a ceilidhe féin. Nuair a bhéadh síad ag teacht abhaile bhéadh na capallaibh ag rith go h-an-mhear ag féschaint cé shroichfidh teach na bainfheise ar dtús.
Nuair a théigheadh an lánámhan isteach ins an dteach bhéadh cáca déanta de mhin coirce ag daoine an tighe agus é roinnte in dhá leath agus d'fhagfhadh síad leath an cháca ar cheannaibh an lanámhan. Bhéadh cóta mhór gorm ar an mhná a bpósadh agus caipín bhán agus coróin déanta de rósaí ar an gcaipín. Bhéadh cóta mhór ar an bhfear agus hata árd. Bhéadh dath glas ar a stocaí agus iad ag teacht suas chun a ghlúna. Ní bhéadh a bhríste ag teacht síos níos fuide na a ghlúna agus dhá chnaipe déag agus dath buidhe orra ag dul suas í ghlúna an bhríste go dtí pocaí an bhríste.- Bailitheoir
- Máire Ní Chómair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cluain Barr, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Cómair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Cluain Barr, Co. na Gaillimhe