School: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (roll number 12138)
- Location:
- Brownsgrove, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó hAnnracháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche Samhna. Tugtar oidhche Samhna ar an oidhche roimh Lá Samhna sé sin an t-aonmhadh lá
's triocha se mhí Dheireadh Fóghmhair. Bíonn spóirt 's siamsa in gach teach san gceanntar
seo an oidhche seo. Déanann bean-a tíghe bairghin breac i gcóir an suipéir agus cuireann sí fáinne isteach ann nuair a mbíonn sí á
fuinneadh. Itheann siad an bairghin breac le haghaidh an suipéir
agus an duine a gheibheann an fáinne ina channta aráin féin deirtear gurb é is tuisge a pósfar. Is minic a mbíonn ubhla 's cnó le n-ithe i ndiaidh a suipéir ag na daoine.
Imrígheann siad go leór cluichí an oidhche seo. Cuireann siad ubhla
isteach i dtubar uisge agus bíonn na páisdí go léir ag iarraidh breith
ar an ubhall le n-a mbéil. Bíonn spórt mór aca agus fluicheann gach uile dhuine aca beagnach a n-aighthe 's a gcinn ag iarraidh teacht ar an ubhall. Ceangleann
siad ubhall de'n sileáil freisin le córda nó rópa nó píosa téada
agus ceangleann bean-a tighe lámha na bpáistí laistír a ndrom agus bíonn siad ag iarraidh breith ar an ubhall le n-a mbéil.
Cuireann siad cúpla fó-chupáin ar an urlár agus uisge i gceann aca,
créfóg i gceann eile; paidrín i gceann eile agus fáinne san ceathramhadh ceann. Ceangleann bean-a-tighe píosa éadaigh súíle an duine a bhéadh ag imirt agus siubhalann an duine chuig na fó-chupáin agus leagann sé
a lámh ar cheann aca. Dá leagfadh sé a lámh ar an fó-chupán(continues on next page)- Collector
- Máire Ních Eathach
- Gender
- Female
- Address
- Beagh (Browne), Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Chinnéidí
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Address
- Beagh (Browne), Co. Galway