School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Location:
- Kinvarra, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Rud luachmar i bfolachAon uair amháin bhí fear in a chomhnuidhe i ngleann gort an Airgid. Fear bocht do bhí ann agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag siubhail. Lá amháin chuaidh sé amach ag siubhail. Bhí báta mór aig[e] agus bhí air dul treasna páirce in a raibh carraigeacha móra. Nuair a bhí sé i lár na páirc[e] chonnaic sé fírin beag bídeach. Labhair sé leis go cneasta ag dubhairt "Tá pota óir i bfolach fá cran[n] in do gháirdín féin" gabh an fear buidheachas leis agus d'imthigh an fear beag bideach as a radhar[c]
D'imthigh an fear ag siubhail agus níorbh' fhada go dtáinig sé abhaile. Rug sé ar rán agus amach le[is] go dtí an crann. Thosuigh sé ag tocailt go tapaidh. Níorbh' fhada é ag tocailt no go bhfacha sé pota mór cruinn. Thóg sé anuas é agus thosuigh sé ghá oscailt. Bhí sé lán de ór agus bhí luach de £100,000 ann. Bhí áthas mór ar an bhfear agus chuaidh sé go dtí a cholceathar. D' innis sé an sgéal dhó ó bhun go fraoigh. Dubhairt an colcheatar gur duine de na lachlannaibh a chur i bfolach ann é mílte blian ó shóin. Dubhairt sé leis gur bhain an t-ór le na sidhéogaibh. D' innis sé dhó gur chuala sé an bheansighe ag gol cupla oidhche roimhe sin[.] D' innis sé dhó freisin go bhfaca sé ganndal mór ag siubhal anonn is anall thar an chrann in a raibh an t[-ór.](continues on next page)- Collector
- Cáitlin Ní Fallamhain
- Gender
- Female
- Address
- Kinvarra, Co. Galway
- Informant
- Padraigh Ó Laoghaire
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Kinvarra, Co. Galway