School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Location:
- Kinvarra, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is uathbhasach an rud é pláigh. Sa bhlían 1816 bhí pláigh mór í gCinn Mhara. Bhí gorta ana-mhór í gConndae na Gaillimhe an tráth sin, agus as an gorta sin tháinigh pláigh mór á dhein sgrios mór ar na daoine. Seo é an chaoí ar thosuigh sé ar dtúis.Ní raibh aon phrátaí ins an dtír nach raibh lobhtha. Núair nach raibh aon phrátaí le n-ithe acú bhíodar ag fághail bháis leis an ocras. Tháinigh pláigh mór as an ocras sin. Bhí an pláigh ag dul ó dhuine go duine go dtí go raibh gach duine ins an gconndae breóite leis. Na daoine nach fúair an galar d'imthigheadar as an gconndae go Sasana acht ar an slighe dóibh fúaireadar bás agus caitheadh amach ar an bhfairrge íad. Daoine eile á bhí breóite leis an bpláigh agus ag fhágail bháis chaitheadh amach ar an bhfairrge íad agus íad beó. B'ionghantach an pláigh é sin. Bhí níos measa í gconndae na Gaillimhe na in aon chonndae eile 'san dtír. Fúair breis is chéad duine bás de. Gach lá ar sráid Cinn Mhara bhí na daoine ag fághail bháis. Dhein na dochtúirí á seacht ndícheall chun na pláighe a chosaint ó scaipeadh thar timcheall an bhaile acht ní raibh aon mhaith ann. Dá n-aimhndheóin bhí an phlaigh ag sgaipeadh(continues on next page)
- Collector
- Máire Uí Laoghaire
- Gender
- Female
- Address
- Kinvarra, Co. Galway
- Informant
- Bean Uí Laoghaire
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kinvarra, Co. Galway