School: Clochar na Trocaire, Cinn Mhara
- Location:
- Kinvarra, Co. Galway
- Teacher: Siúr M. Bernadette
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo iad na hainmhithe tighis a bhíonn ar an bhfeirm. An bhó, an capall, an gabhar, an mhuc, an t-asal, an caora. Seo iad na h-éanlaith tighis. An chearc, an coileach, an gé, an gandal, an lacha, an bardal, an tuirce. Bíonn an cat agus an mada ann freisin. Marbhuigheann an cat na mice agus na franncaigh. Tugann an mada aire don dtigh agus dona hainmhithe.
Tigh cuíseach mór is ea teach na mbó. Bíonn poll beag ins an bhfalla in áit fuinneog. Bíonn clais i lár an urláir chun é a choimead tirim. Bíonn máinsear i gcoirneal amháin as a itheann sí a cuid bidh. Tá báil in aon fhalla amháin den tigh agus ceangaltar na ba annsin le slabhra nó le rópaí. Ceangaltar na ba thart timcheall a muinéal. Nuair a bhíonn an bhó blighte cuirtear comhartha na croise ar a druim. Cuirtear na ba ins na stáblaibh ar oidhche Bealtaine ar eagla go ngoideach na sidheoga iad. Deirtear "hó" nuair a(continues on next page)- Collector
- Irín Ní Sheachneasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Kinvarra, Co. Galway
- Informant
- Máighread Ní Sheachneasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 38
- Address
- Kinvarra, Co. Galway