School: Caisleán Uí Dhálaigh (roll number 4509)
- Location:
- Castledaly, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Croithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo baile beag atá suidhte suas sa sléibhte sa bparáisde seo trí mhíle taobh shoir go sgoil Caisleán Uí Dhálaígh. Níls sa mbaile anois acht cúig tighthe. Tá abha ag rith tríd an bhaile seo agus tá talamh maith ar bruacha na h-aibhne.Fadó nuair a bhí Guaire 'na Righ ar Uí Fiachrach Aoidhne phós bean uasal Dedannan Feargus Mac Rudaí fear freastal an Ríogh. Bhí go leór ba aici mar spréidh. Ní raibh aon talamh aici chun na ba agus thug Guaire cead di na ba a chur ar féarach ar na sléibhtibh thart annsin le fasgadh de na ba nó chun iad a chrúdhadh. Rinne sí bóthán san áit a bhfuil an baile anois. Ní raibh ar an mbóthán seo acht aon doras amháin agus sin é an fáth a tugtar "Buaile-Aon-Dhorais" air.Fuair m'athair an sgéal seo ó shean fhear - Páraic Ó Coileáin a bhí ina chómhnuidhe sa mbaile seo timcheall sé-déag bliadhna ó shion. Tá sé ar slighe na Fírinne anois.Fuair an sean-fhear seo bás timceall deich mbliana ó soin
- Informant
- Eireamán Ó Croidheáin
- Gender
- Male