School: Sonnagh (cailíní agus buachaillí)
- Location:
- Sonnagh Old, Co. Galway
- Teacher: Úna Bean Uí Mhuireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sonnagh (cailíní agus buachaillí)
- XML Page 0319
- XML “Mar a Chuir Naomh Pádraig Ruaig ar an nDiabhal”
- XML “Naomh Pádraig i nDoire Bhriain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Naomh Padraig ag bualadh na gcorcán. Níorbh fhada gur imthigh an diabhal 'sna feirí glinnte a's mise i mbannaí, nár chuir sé isteach ar an Naomh uaidh sin amach.
- Naomh Padraig ag bualadh na gcorcán. Níorbh fhada gur imthigh an diabhal 'sna feirí glinnte a's mise i mbannaí, nár chuir sé isteach ar an Naomh uaidh sin amach.Naomh Padraig i nDoire BhriainLá dá ndeachaidh Naomh Pádraig amach ag taistil na tíre agus thárla gur bhuail sé le Doire Bhriain, ceanntar iarcúlach uaigneach atá suite i gceart-lár Sléibhte Eachta. Bhí cosamhlacht an bhochtanais, ámh, ar an áit agus isteach leis an Naomh i mbothán a bhí ar cholbh an bhóthair. Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh roimhe agus shuidh sé síos cois na teineadh. Bhí tart an domhain ar an Naomh agus d'iarr sé deoch bhainne ar bhean-an-tighe. Thug sí dó é le fáilte gidh go raibh easbaidh bainne ar an dteach um an dtaca sin. D'ól an Naomh an bainne agus annsin do bheannuigh sé fé thrí im agus bainne Dhoire Bhriain go ndubhairt go mbeadh a seacht ndóthain díobh ag muinntir na h-áite go lá Philib na cleite. Is amhlaidh go bhfuil clú ag cáil ar im agus bainne Dhoire Bhriain an lá seo mar níl a sárú le fagháil in lathaibh Fódhla.
- Informant
- Mícheál Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 18
- Address
- Loughrea, Co. Galway