School: Sonnagh (cailíní agus buachaillí)
- Location:
- Sonnagh Old, Co. Galway
- Teacher: Úna Bean Uí Mhuireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Feili na bliadna.Oidhche Samhna.Nuair a thagann Oidhche Samhna bíonn ithe agus ól fleadh agus feasda féile agus fáilte do chineadh 's do comarsain. Bíonn arán milis agus an bairín breach fá n-a cuid risiní, cé gheobhas an fáinne atá ann - tarraingeóchaidh sé an bacán roimh Samain seo cugainn. Is fá'n phósaid a bhíos an cleasuíocht 's an chaibidil an oidhche seo - Cnó Páidí agus cnó Nóra dá rosadh: má sgarann siad ó chéile ní maith an tuar do na leannáin é.
Agus caidé fá na plataí ar lich na teineadh:- uisge glan i gceann acu, páidirín sa ceann eile fainne i triomhad ceann agus créafóig i gceatramadh ceann. Tagann duine agus dállog air agus má chuireann sé a lamh san uisge glan racaidh sé thar sáile, ar an bhfainne béidh sé pósta, ar an bpáidirín béidh sé in a shagart acht má chuireann sé a lámh ar an gcréafóig béid bás indán dó, (de réir mar bhéas an t-ádh leis i gcluice na bplataí.
Is iomda cailin tréanmhar a théigheadh go dtí sruthán agus píosa éadaigh a nighe ann, agus é a chur ar chul chathaoireacha os comhair teine maithe i meadon-marbh na h-oidhche le feicheál cé thiocfas agus é a iompuigh, an chead fear a tiocfais sé sin an fear a beas indán dhí.
Chuala mé sgéal seo faoi chailin a bhí in a chomhnuide san ait seo fadó. Oidhche Samhna fuair sí ceirtlin snátha agus chuaidh sí go dtí aithche an aoil. Cháith si an ceirtlín isteach ann agus dubhairt(continues on next page)