School: Baile Locha Riabhach (Clochar)
- Location:
- Loughrea, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Proinnsias
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá dá raibh Cú Chulainn ag spaisteóireacht ar bhruach an chúain le na sgáth agus a cláimhe a chumhán agus a liathróid. Chonnaic sé fear mór millteach ag siubhal chuige treasna an chuain agus damh ar a dhruim aige. Tháinig sé comh fadha le Culainn agus sé an damh anuas dá dhruim agus chuaidh adhairc síos san talamh leis an tuitim a bhí aige gabh go leath taobh in áit eicint a ghasúir adeir sé le Culann. Tá driothair dom a teacht mo dhiaidh dul dá bhaint seo diom agus béid píosa acrainn ar an gCrocán seo. Sin é a bhfuil uaim a deir Cú Chulainn agus bhéara mé fhéin conghuina duit adeir sé. Nuair a tháinigh an fear mór eile rug sé ar a damh agus leis an stracha a thuig sé don damh bhris sé an adhairc a bhí sa talamh amach ón mbun agus thosuigh na fir móra troid troid leis na claimhí chraidh Cú Chulainn a chongradh da fhear féin agus bhuail sé bhuille da claimhín sa mhullach ar an bfear mór é foil fóil a dhriothair arsa an fear mór. Tá mioltog na cor ghabach liom agus thárla sé sin trí uaire in dhiaidh cheile agus tharrainn siad báisteach leis na teinte creatha i gcuid airm. Chuaidh Cú Chulainn suas ar dhruim an fhir mhóir agus thug sé iarra eile sa mullach dó.(continues on next page)
- Collector
- Tomás Ó Lochlann
- Gender
- Male