School: Baile Locha Riabhach (Clochar)
- Location:
- Loughrea, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Proinnsias
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do thigeadh fo chéad a Cinn.
San am céadna bhí Caraid Mac Coise i n-a ollamh le h-éigse do Maolsheachlainn agus thréis Catha Cluain Tarbh casadh ar Mac Liag é. Ag cainnt leis d'innis Mac Coise dho an chaoi ar throid na taosigh Gaedheal ar pháirch an áir, a gcalmacht a grodhacht, an chaoi ar thuiteadar, an chaoi a rabhadar i n-a luigh go cróilínteach ar an talamh, agus an chaoi ar marbhuigheadh Brian féin. Annsin adeir Mac Liag:-
Frith i n-iomdhaidh Fhéicín fhuair.
Tobar i n-a bhfuil reamair bhruaigh.
Comhartha báis Bhrian na mbeann.
I grích Iarthair na h- Éireann.
I ndán eile dar chum sé deir sé:-
Sgiath ríog Gaela glancar í;
Craibha cailce far a cliú;
Sgiath ar naoi bhfichid sgeath.
A fágadh ar an sgiath ad-chuí
"Tá sé le léigheadh i 'nAnnála Ríoghachta Éireann' go dtug Liam Ó Ceallaigh cuireadh do gach sgoláire i nÉirinn a theacht ar chuair[t] chuige ins an mbliadhain 1351. Ní hé amháin go dtug sé cuirea[dh] do na sgoláirí [acht thug sé cuireadh do na sgoláirí] acht thug sé cuireadh do lucht siubhail, do bhochtáin agus do dhaoine eile. Caitheadar an Nodlaig go sugach siamfamhail leis. Bhí an oiread sin díobh ann go mb'éigean dó baile mór a dhéanamh dhóibh. Bhíodh na sgoláirí ag cumadh dán, agus ag aithris sgéalta is staire.