School: Cashel (roll number 11358)
- Location:
- Cashel, Co. Galway
- Teacher: P. Ó Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cashel
- XML Page 171
- XML “Fataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I n-iomairí a gcuirtear na fataí sa gceanntar seo. Bíonn na iomairí seo slat ar leithéid. An chéad rud a ndéanadar leis na bfataí sciolláin a bhaint asta. Sin é an t-ainm atá ar na píosaibh nach bhfuil aon t-súil ionnta. Lugáin a ghlaoidhtear ar na píosaibh nach bhfuil aon t-súil ionnta. Craithtear na sciolláin ar na h-iomairí annsin timcheall troigh ó na chéíle. Cuirtear aoileach nó feamuinn ar an dtalamh ar dtús sul a gcuirtear na sciolláin ann. Talamh nach raibh curtha ariamh cheana cuirtear leasughadh as an siopa air. Annsin caithfear na sciolláin do chludú go maith le cré.
lántar na fataí nuair bhíonn na baslóga go maith ós chionn talmhan, sin é cuirtear cré nuadh ortha. Baintear na fataí i nDeire Foghmhair. Pioctar na cinn maithe asta agus cuirtear isteach i bpoll iad agus tugtar na cinn lobhtha agus beaga do na cearcaibh agus do na lachainibh. Cuirtear cloch-gorm ar na bfataibh nuair atá an dubachan ag teacht ortha. Seo iad na fataí a fásann anseo. Kerr Pinks, Aran Banners, British Queens agus Lady Fingers.
Tagann na comharsanna ag tabhairt congnamh dha chéile thart annseo.- Collector
- Cáitlín Seóige
- Gender
- Female
- Address
- Scrahallia, Co. Galway
- Informant
- Padhraig Seóige
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Scrahallia, Co. Galway