Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)
- Suíomh:
- Cashel, Co. Galway
- Múinteoir: P. Ó Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cashel
- XML Leathanach 125
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Déanfaidh mé teachín ar oileáinín bhán”
I
Déanfaidh mé teachán ar oileáinín bán
Trí stóire ar aoirde is beinnrigh 'na lár
Is cuireadh mé tuighe ar de bhárr glas an fraoch.
Is innsin beidh cead siubhal amh le stóirín mo chroidhe.
II
Is aoibhinn do na h-éiníní eirigheanns go h-árd
Is labhairigheas i n-éindigh ar aon craobhaighín amháin
Ní h-é sin dom féin is mo chéad míle grádh
Is fada óna chéile tá ár n-eirigheann gach lá.
III
Is fada ar siubhal mé ar tuarisg bhean-tighe
Amharc ní fuaireas i mbealach na slighe
Nó go bhfaca mé an spéir-bhean is í ar thaobh cnoc 'na suidhe
Is a gruag 'na trí diulín ag fuaidreamh le gaoth- Faisnéiseoir
- Sorcha Seoighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- Scrahallia, Co. Galway