School: Inis Oirthir (Inisheer) (roll number 13322)
- Location:
- Inis Oírr, Co. Galway
- Teacher: M. Ó Giolláin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 356
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí rí in Éirinn fadó agus is fad ó bhí agus dá mbeadh sé ann an uair sin ní bheadh sé ann anois agus bheadh sgéal maith nó droch sgéal aige. Bheul pós sé agus nuair a bhí sé trí ráithe pósta rugadh mac dó acht cailleadh an bhainriogan leis an mbreith. Tugadh art ar ainm don mhac óg agus bhí bean ag tabhairt aire dó arbh ainm dí Nóra. Annsin bhí na comhairleóiri ag cur comhairle ar an rí bean eile a phósadh agus phós sé an darna uair agus tar éis trí ráithe rugadh mac dó agus nuair a rugadh rugadh beirt mac dó agus an t-ainmneacha a tugadh orra Neart agus Ceart. D'fhás Art, Neart, agus Ceart suas ina mbuachaillí láidre agus charthidis an saogal ag fiach agus coinneargar agus bíodh an triúit in éindigh igcomnuidhe. Cheap an bainrioghan gur mó an cion a bhí ag an rí ar Art ná ar an mbeirt eile agus nuair a fuair sí an deis lá a raibh an rí imthighthe amach marbhuigh sí cú an rí agus chuir sí an milleán ar Art agus thug an rí greadadh go Art agus ba mhó a chion ar Neart agus Ceart ina dhiadh sin. Lá dá raibh an rí agus a triúir mac amuigh ag fiadhach d'airig siad an ceól ba bhreaghtha ar bhfeidir a(continues on next page)
- Collector
- Treasa Ní Ghiolláin
- Gender
- Female
- Informant
- Seosaimh Ó Fláithbheartaigh
- Gender
- Male