School: Inis Oirthir (Inisheer) (roll number 13322)
- Location:
- Inis Oírr, Co. Galway
- Teacher: M. Ó Giolláin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 373
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Oirthir (Inisheer)
- XML Page 373
- XML “Dubhailimín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- ‘Dubhailimín’ Bhí rí ann fadó agus bhí aon mhac amhain aige agus s’é an cheird a bhíodh ar an mac ag fiach gach lá. An lá seo nuair a tháinic sé isteach, d’fhiafruigh sé de cé'n sgéal a bhí aige.
‘Muise tá,’ a deir sé. ‘Tá mé le trí oidhche anois ag brionglóide ar bhainrioghan atá san Domhan Thoir agus dubhairt sí liom san mbrionglóid aréir a dhul chuice’.
‘Ó ná bac léi.’ a deir an mháthair. ‘Ní fhéadfá tú í sin a fhághail. Gheobhad tú inghnean rí san áit a bhfuil tú’. ‘Is Cuma’ a deir sé. ‘Gleas lón dom caithfidh mé dul aice’.
Ghléas sí lón dhó. D’fhág sé slán aice agus síos leis ag an dug agus thug sé leis an bád a b’fhearr a bhí ann agus ghléas sé uirthi a cuid seolta móra bucóideacha bacóideacha, máidí rámha gan stuairc, téad tíre gan tarraingt ag cur gainimh in uachtar agus cúbhar in íochtar gur chaith sé ráithe ag dul soir. Nuair tháinig sé thoir chuir sé feistiú lá ‘gus bliadhain ar an mbád. D’fheicfheadh sí na mná ísle ‘gus na mná uaisle ‘gus ní fheicfheadh na mná ísle na mná uaisle í. D’imthigh sé suas ag breathnú ar an áit agus chonnaic sé cuairt mhór déanta as clúmhas éanlaith agus gan buncleite amach na bárr cleite isteach. ‘Ní féidir’ ar seisean ‘nó siúd é é’ agus suas leis go dtí an doras agus bhuail sé é agus chraith sé an chuairt. Leigeadh isteach é agus cuireadh fáilte roimhe agus(continues on next page)- Informant
- Micheal Céin
- Gender
- Male
- Address
- An Formna, Co. Galway