School: Eoghanacht (roll number 12342)
- Location:
- Eoghanacht, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Flannagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chuile shnáth aca sin. Siadh na fir a bhíodh ag leiginn na ndoruigheannta le cairt beag agus cairt mhór leiginn ar bith mar d'feilfhead sé, fada nó gearr trí ficeadh feadh leiginn amháin, deich bfeadh ficead leiginn eile agus fiche fead leiginn eile fós. Na mná annsin ag cniotál na n-eangac agus nuair a bhíod na h-eangacha deanta aca d'ionntuighidís ar an mbarrac annsin agus sníomhaidís é agus dheilbhidís saghas breidín de, anraite agus suaisí.
Annsin nuar a bhíodh na líonta déanta aca theigheadh na fir ag snoidheachán píosa daraighe agus dá bhruith in uisge le dath a chur ar na líonta. B'shin é obair an Gheimhridh agus bhídis i gcruadh-cúis go mbeadh an méid sin déanta aca i gcaitheamh an Gheimhridh: bhí a gcruadh-chúis díobh an uair sin. Nuair a thigead an t-Earrach bhídís ag cur an arbhair agus ag cur na bfataí. Nuair a bhíodh aon spás aca annsin sén chaoi a mbídís ag meilt an gráin a bhíodh aca ón nGeimreadh, le bróithe, le bró íoctar nó le bró uactar. Annsin nuair a bhíodh an t-Earrach curtha thosuighidís ag iasgac. Mí na bealtaine seadh thosuighidís ag iasgac cnúdáin. Ní an-fairsing a bhí na cnúdáin. bhídís fhéin ag déanamh úsáid d'en méid a mharbhuigidís. Níl iasg ar bith is mó substainnt ná cnúdán úr ná is fuide a mairtheá beó air dá mbeidteá gann faoi bídh. Nuair a d'fairsingeadh an t'iasg annsin tosuigidís ag marbú chuile shórt éisg, glasóga agus breams. Sén chaoi a(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Fhlannagáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Eoghanacht, Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Flártaigh
- Gender
- Male
- Age
- 66
- Occupations
- Feirmeoir
- Iascaire
- Siúinéir
- Táilliúir
- Address
- Eoghanacht, Co. Galway