School: Eoghanacht (roll number 12342)
- Location:
- Eoghanacht, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Flannagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Talamh, Cur na bhFataí srl.
Is iomdha cineál talmhan atá in Árainn acht sén chaoí a rinneadh an cuid is mó de. Tá trí cineál talmhan 'na cuirtear fataí; talamh bán mar tugtar ar an talamh nuair a cuirtear an céad bárr air. Talamh ar an darna bárr a thugtar air an céad bliadhain eile agus talamh luirg a thugtar air uaidh sin amach. Tá an talamh ioncurtha cómh gann sin in Árainn nách fághtar ag tabhairt fhéir acht cupla bliadhain é. Baintear ceathair nó cúig de bharraibh fataí dhe agus annsin leigtear amac é sé sin cuirtear arbhar go h-ionndual air nó bféidir coirce corr uair agus síol féir freisin. Taréis an t'arbhar a bhaint annsin tugtaí coinnleach ar an talamh agus dhá mbeadh an talamh go maith agus an sío féir a bheith go maith bféidir go mbainfídhe bárr féar tirim de an chéad bhliadhain eile agus d'fágfaidhe ag tabhairt féir go ceann trí nó ceathair de bliadhantaibh é go saothróchthaidhe arís é. Go h-ionndual cuirtear sean leasú ar an talamh bán sé sin cuirtear brat d'fheamain air faoí Samhain nó as sin go Nodhlag. Bíonn aithleasú lé cur air arís annsin nuair a táthar dá chur agus d'feamain dubh is mó a dhéantar úsáid le h-aghaidh aith leasuighthe. Leagtar dhá dhorúgha lé cuire na h-iomaire agus sgartar(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Dhioráin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Sruthán, Co. Galway