School: Eoghanacht (roll number 12342)
- Location:
- Eoghanacht, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Flannagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go bráth."
(36) Ní coigeal i láimh óinsighe é.
(37) Sé an fál ar an ngort é i ndiaidh na foghlac.
(38) Is furasta dul thar teach gan mada.
(39) Ní saill gan fiacha é.
(40) Ní maith an t-samhail a theidheann i bhfad.
(41) An té is fuide a shiubhaileas sé is mó a fheiceas.
(42) An áit a théideann an cos téidheann an lámh.
(43) An capall a preabas sí a bhuadócas.
(44) Is donaide laogh nách lighfhidh a mháthair féin.
(45) Ní théigheann an geall gearr i bfad.
(46) Ní fhághann dorna dúnta acht lámh fallamh.
(47) Níor scoilt cearc an áil a h-ugán ariamh.
(48) Is fearr sean fiacada ná sean-fhalla.
(49) Nuair is mó do gháire seadh is goireadh do gol thú.
(50) Tús is deireadh an duine, ag an teinidh a tharraingeas.
(51) Ní théigheann an teas thar fiuchadh.
(52) Ní fhéadann an gobadán an dá thráigh a fhreastal.
(53) An té nach gcuirfhid sa n-Earrac ní bhainfhidh sé sa bfógmhar.
(54) Coingbhigh an chnámh agus leanfhaidh an mada thú.
(55) Is fusa fear gan teach a chuir amach.
(56) Ní fhághann minic onóir.
(57) Is teann gac mada ag a dhoras fhéin
(58) Dá fhuide dá dtéigheann an sionnac beirtear air sa deireadh.- Collector
- Brighid Ní Fhlannagáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Eoghanacht, Co. Galway