School: Cloch na Rón (C) (roll number 15389)
- Location:
- Roundstone, Co. Galway
- Teacher: Máire, Bean Uí Chuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloch na Rón (C)
- XML Page 189
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal.
Uair amháin bhí baintreach agus a mac in a gcómhnuidhe i nGaillimh. Bhíodar ana-bhocht, agus ní raibh aca acht aon bhó amháin. Theigheadh an mac amach ar an gcnoc gach lá ag baint fraoich le h-aghaidh sguab, annsin theigheadh an mháthair chuig an margadh agus dhíolfadh sí na scuab agus gheóbhfadh sí airgead orra, b'shin é an slíghe shaothruigheadh siad a slíghe mbeatha.
Lá amháin chuaidh Séamus ag baint an fraoich agus thug sé an bhó amach chun aire a thabhairt dí. Ní raibh an fraoch go maith san áit a cuaidh sé, agus annsin chuaidh sé nios fuide ó bhaile ag tóireact fraoich níos fearr. Nuair a thosuigh sé ag baint an fraoich chonnaic sé a lán daoine beaga ag bualadh báire agus shuidh sé síos ag féachaint orra, thug sé fé ndeara go raibh fearaín beag amháin ag coineált na liathróide dhó fhéinagus dubhairt sé leis an liathróid a thabhairt do na firiní eile ach ní tuisge bhí an focal ráidhte aige ná bhuail an liathróid sa tsúil é agus ní raibh sé in ann leath shúil a fhoscailt ar fead i bhfad, ach nuair a d'oscail sé í chonnaic sé go raibh an bhó imighthe.
Chuaidh Séamus abhaile go brónach mar bhí fhios aige nach raibh aon bainne cun béilí a dhéanamh , agus d'innis sé dhá mháthair é. D'imthigheadar ag toireact na ba annsin ach ní bhfuaireadar táisg nó tuairisg uirri, an tráthnóna sin.(continues on next page)- Collector
- Íde Ní Chuimín
- Gender
- Female
- Address
- Roundstone, Co. Galway
- Informant
- Nóra Ní Cheannadubhain
- Gender
- Female
- Age
- 84
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway