Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a tháinic [tháinig] deireadh na seachtaine chuaigh Peigí abhaile le go mbeadh sí réitithe roimh na fir Dé Domhnaigh.Tar éis Aifirinn Dé Domhnaigh tháinig an triúr fear is nuair a bhí píosa caite chuaigh Peigí ag réiteach tae dóibh.Leag sí na *** ag an [bh]fíodóir is leag sí na *** ag an táilliúir is leag sí pláta feola ag an talamhaidhe. Nuair a chonnaic [chonaic] an fíodóir agus an táilliúir an rud a fuair sí le n-ithe, chuimhnigh siad orthu féin is rith siad chomh maith is bhíodar *** [in ann], is d'fhág siad an teach ag Peigí agus an talamhaidhe. Máire Ní Bhriain le *** *** ***.
- Bailitheoir
- Máire Ní Bhríain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. Galway