Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann uair amháin agus bhí sí ag dul ag pósadh is tháinic an slaghdán uirthi.
D'éirigh sí ar maidin agus bhí sí ag caoineadh agus d'fhiafruigh a máthair di ceard bhí uirthi. Dubhairt sí go bé an slaghdán . Thosuigh an mháthair ag caoineadh ansin. Niorbh fhada gur éirigh an t-athair is d'fhiafruigh díobh céard bhí orthu. " Ó tá Máire tinn is ní fhéadfadh sí pósadh indiu". Thosaigh an t-athair ag caoineadh é fein. Is gearr go dtainic an fear bhí le pósadh agus chonaic sé an triúr ag caoineadh is d'fhiafruigh sé díobh céard bhí orthu.
Dubhairt siad go raibh Máire tinn is nach bhféadfadh sí pósadh indiu. Ansin dubhairt sé nach bhféadfadh sé pósadh go deo go bhfeicfeadh sé trí amadán chomh mór leo. d'imthigh sé leis ar thóir na n-amadán agus sé an chéad duine a casadh leis ná fear a raibh a bhríste caite de aige.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhrian
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Brian
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. Galway