School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)

Location:
Crumlin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 180

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 180

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromghlinn (B)
  2. XML Page 180
  3. XML “Pósaithe na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    buachaill óg leis an gcailín óg, bheadh an cleamhnas deanta, acht béigin don buachaill óg agus beirt no triúr dhá ghaolta dul chuig tighe na cailín, oidhche, leis an spré nó cuid de a fhághail ó na h-athair. Airgead agus stoc (díol bó ná calp nó dó) a tugadh mar spré. Beadh sproidhe agus damhsa aca an oidhche sin, agus do shocróchaidís ce'n lá a bheadh an bhainis ann.
    Bheadh an bhaile fré chéile annsin go go dtí lá na bainse. Bheadh chuile dhuine ag súil le cuireadh a fhághail. Dá mbeadh capall maith ag duine, ní leigeadh sé amach as an stablá é, sa gcaoi is go mbeadh sé in ann rás maith a rith, agus muna bhfuigheadh sé féin cuireadh, do thiubhradh sé a chapall do dhuine eile. Lá na bainse bhaileochadh a ghaolta agus a chleamhnai i dtigh an bhuachalla tar éis am breicfeásta agus do dheanfadh, gaolta agus cleamhna na cailín, agus chuile duine a fuair cuireadh agus daoine a fuair cuireadh gan iarraidh, an rud cheadna i dtigh na cailín. Cairt no cáireanna a bheadh acha ag dul ag an séipéal, agus ní feidir cur sios, uaiareannta, ar na marcaigh. Timchealls uair an mheadhon lae rachadh an buachaill óg agus a comhluadar go tigh na cailín, agus bheidís ag ithe agus ag ól ag damhsa agus ag casadh amhrán go mbeadh sé in am dul ag an séipéal. Ní bheadh deifir ar bith orrtha dhul ann acht a bheith ar ais abhaile roimh an dorchadas. Eadaigh gorma a chaithfeadh an cailín óg a pósadh i gcoitchinne. Ní fhanaidis ag an séipéal acht chomh-fhada is a bheadh an sagart ag pósadh an bheirt. An pósadh thart annsin bheadh na marcaigh réidh agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Donnchadha
    Gender
    Male
    Informant
    Liam Ó Scolaighe
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Pollsillagh, Co. Galway