Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)

Suíomh:
Crumlin, Co. Galway
Múinteoir:
Seán Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 212

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 212

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (B)
  2. XML Leathanach 212
  3. XML “Ainmhithe na Feilme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 'Siad na h-ainmidhthe feilme atá againn sa mbaile, ba, gamhna, budóga, bulláin, caoirigh, muca, agus capall. Dhá bhuin atá againn sa mbhaile. Bleaghann mo mháthair iad. An fhadh is a mbíonn sí ag bleaghad na mbó bíonn sí ag casad puirt. Nuair bhionns duine ag tiomáint na mbó deireann sé "habha habha", "Prú-bhó" deirtear nuair a bionns muid ag glaodhach ar na ba. Bothán na mbó a cuirtear ar tígh na mbó. Tuighe a cuirtear mar easair futha. Nuair a bhíonns an bhó bleaghta ag mo mháthair cuireann sí Chomhartha na Croise uirthí leis an bainne. Ceangluightear na bá le slabhraidhe agus téide tart ar a muinéil. Crochtar an cac bó a bhíonns aca faoí na coinle an Dara Oidhche Déag agus Crose Bríghde i mbothán na mbó chun go mbeidh ráth ar an stoc.
    Tá caoirigh againn idir caor-uain, uaisgain agus muilt. Tá cuig caor-uain againn, deich n-uain, ocht uaisgáin, agus deich muilt. Ní thugann muid mórán le n-ithe dóibh acht beagán coirce agus féir-tirm sa ngeimhreadh. "Seomhain, Seomain" deirtear nuair a bhíonns muid ag glaodhach ar na caoirigh.
    Da mhuic atá againn sa mbhaile, crán-muice agus a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Laithmhe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Crumlin, Co. Galway